Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhua Chlub Sacair Dhún Dealgan i Sraith na hÉireann
Dáta: Dom 23rd Dei, 2016 | 21:38
“Is mian liom comhghairdeas ó chroí a dhéanamh le Stephen Kenny agus a fhoireann as a mbua i Sraith na hÉireann.
Ciallaíonn a mbua go bhfuil Club Sacair Dhún Dealgan san aicme chéanna le Corcaigh Aontaithe, Port Láirge agus Ruagairí na Seamróige a bhuaigh an tSraith trí bliana i ndiaidh a chéile.
Déanaim comhghairdeas leis na himreoirí, an fhoireann chóitseála agus lucht tacaíochta agus deonaigh an chlub as a bhfuil bainte amach acu sa bhliain eisceachtúil seo do Chlub Sacair Dhún Dealgan, agus taispeántais den scoth de pheil ardchaighdeáin curtha ar fáil acu.
Is cúis inspioráide mar ar éirigh leo do dhaoine go leor, agus tá súil agam go spreagfaidh eiseamláir Dhún Dealgan mná agus fir óga le páirt a ghlacadh i spórt agus tacaíocht a thabhairt do chlubanna i Sraith na hÉireann.”
