Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn - Micheál Ó Nualláin

Dáta: Lua 11 Iúi, 2016 | 13:55

“Is ábhar mór bróin dom a chloisteáil gur bhásaigh Micheál Ó Nualláin, ealaíontóir, múinteoir ealaíne agus cigire ealaíne.

Rinne sé a chion don oideachas, don ealaín agus don dearadh agus mhair a dhíograis ar feadh a shaoil uile. Bhí sé tiomanta go leanúnach don saol poiblí agus, taobh istigh de sin, do ról na healaíne.

Cé gur luadh go minic é mar gheall ar a cheangal lena dheartháir Brian Ó Nualláin/Myles na gCopaleen, rinne Micheál Ó Nualláin, as a stuaim féin, a chion tairbhe suntasach do na healaíona in Éirinn. Tháinig sé sa saol gur earraí inbhailithe cuid mhaith dá chartúin agus dá léaráidí.

Aireoimid go mór uainn é, muide a raibh sé de phribhléid againn aithne a bheith againn air nó comhfhreagras a dhéanamh leis.

Ba mhaith le Saidhbhín agus liom féin ár gcomhbhrón a chur in iúl dá chlann, dá chairde agus dá chomhghleacaithe.”