Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn – Michael Corcoran

Dáta: Mái 23rd Lún, 2016 | 10:40

23 Lúnasa 2016

“Is le dobrón a chuala mé faoi bhás Michael Corcoran, a bhí ina Uachtarán ar Chumann Peile na hÉireann ón mbliain 2001 go 2005 mar chuid dá shaol a bhí tiomanta don sacar agus dá cheangail leis na teaghlaigh agus leis na pobail a bhain leis. 

Bhí cion ar leith aige do Shraith na hÉireann agus do chlub Phort Láirge a raibh traidisiún bródúil peile aige go háirithe.

Ba mhaith liom féin agus le Saidhbhín ár gcomhbhrón a chur in iúl dá bhean Marie, dá mhic Alan agus Evan, agus dá mhuintir, dá chairde agus dá chomhghleacaithe chomh maith.

Bhí pearsantacht ghnaíúil aige agus aireoidh lucht leanúna an tsacair chomh maith leo siúd a leanann spórt in Éirinn uathu é.”