Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn - Jo Cox MP
Dáta: Déa 16th Mei, 2016 | 19:34
16 Meitheamh 2016
"Is le dobrón a chuala mé faoi bhás Jo Cox MP i Yorkshire Thiar.
Agus sinn go léir ag déanamh comhbhróin lena muintir, a páistí óga san áireamh, ní mór dúinn uile atá tiomanta don pholaitíocht dhaonlathach a admháil gur baineadh croitheadh asainn agus go bhfuil alltacht agus uafás orainn faoin ionsaí a rinneadh uirthi.
Is cuid riachtanach den daonlathas seirbhís a sholáthar don phobal, cúnamh a thabhairt do dhaoine agus dul i mbun comhrá nuair atá easaontas i measc an phobail. Is cúis uafáis, ach go háirithe, teachta parlaiminte óg a bheith á marú le linn a cuid oibre.
Is drochléargas ar shaol an lae inniu é gur bhásaigh sí i mbun na seirbhíse sin.
Níor cheart gur bás in aisce atá ann."