Ráiteas ón Uachtarán Mícheál D. Ó hUiginn – Helmut Schmidt
Dáta: Mái 10th Sam, 2015 | 10:14
Ar chloisteáil an scéala faoi bhás Iar-Seansailéir na Gearmáine Helmut Schmidt dó, dúirt an tUachtarán Mícheál D. Ó hUiginn i ráiteas tráthnóna:
“Tá an-bhrón orm a chloisteáil faoi bhás an Iar-Sheansailéara Helmut Schmidt.
Bhí sé ina cheannaire le linn ré chorrach, agus stiúir sé a thír trí dhá ghéarchéim ola agus trí bhagairt ar an daonlathas a bhí ag méadú ó ghrúpaí sceimhlitheoirí le linn blianta a Sheansailéarachta.
Ba é a thuiscint ar ról na Gearmáine i dtógáil na hEorpa nua-aimseartha, sóisialta agus daonlathaí agus a thuairim, a luaigh sé go minic, gurbh í an Eoraip Shóisialta an fhoinse slándála ab fhearr ar an Mór-Roinn, a mhúnlaigh a oidhreacht.
Le bás Helmut Schmidt, tá ceann de phríomhúdar na hEorpa imithe ar shlí na fírinne.
Ba mhaith liom féin agus le Saidhbhín ár gcomhbhrón a chur in iúl dá chlann agus don náisiún Gearmánach.
Ar dheis Dé go raibh a anam.”