Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn - Antonio Guterres

Dáta: Déa 6th Dei, 2016 | 16:13

6 Deireadh Fómhair 2016

 

Tá an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn tar éis comhghairdeas a dhéanamh le hIar-Phríomh-Aire na Portaingéile Antonio Guterres tar éis do Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a dheimhniú go bhfuil sé molta lena cheapadh mar an gcéad Rúnaí Ginearálta eile ar na Náisiúin Aontaithe.
 
 
“Thar ceann mhuintir na hÉireann, guím gach rath ar an Uasal Antonio Guterres ina ról mar an 9ú Rúnaí Ginearálta ar na Náisiúin Aontaithe. 
 
Agus é ar an gcéad Rúnaí Ginearálta ar an NA a bhí ina Phríomh-Aire ar a thír, tabharfaidh an tUasal Guterres ní hamháin fís mhaith agus díograis chuig a ról nua, ach chomh maith leis sin an taithí agus an cumas idirbheartaíochta a theastóidh chun an eagraíocht a threorú san am seo ina bhfuil dúshláin gan fasach roimh an gcóras iltaobhach.  
 
Mar Phríomh-Aire in am athraithe, thaispeáin an tUasal Guterres misneach agus tionscnaíocht agus a thír á treorú aige trí thréimhse chlaochlaithe eacnamaíochta. Agus é ina ról roimhe seo mar Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe de chuid an NA, léirigh sé ceannaireacht den scoth agus é ag deileáil le ceann d’fhadhbanna móra na linne seo, gan drogall a bheith air ceannairí tíortha nach raibh a gcion féin á dhéanamh acu a cháineadh agus freagra leordhóthaineach á lorg ar chuid de na géarchéimeanna ba mhó sa domhan maidir le dídeanaithe.
 
San am i láthair agus polaitíocht na heagla ag dul i dtreis in go leor tíortha, agus éileamh á dhéanamh le próisis chinnteoireachta fhreagracha dhomhanda a chur in iúl, beidh fáilte roimh an Uasal Guterres mar thacadóir leis an tsaoránacht dhomhanda, leis an dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta agus le cur chuige normatach, cearta-bhunaithe maidir leis an taidhleoireacht idirnáisiúnta."