Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn - Ailish Sheehan
Date: Fri 9th Sep, 2016 | 18:02
9 Meán Fómhair 2016
"Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil faoi bhás Ailish Sheehan.
Iomróir cumasach agus scoláire an dearaidh, aireoidh a comhghleacaithe agus a comhiomróirí uathu go mór í. Buille trom atá anseo dóibh siúd go léir a ndeachaigh a rath san iomramh i gcion go mór orthu.
Mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liom mo chomhbhrón a chur in iúl dá muintir, d’a comhghleacaithe agus dá cairde."