Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás do Thadhg Ó hÉalaithe
Dáta: Déa 13th Ean, 2022 | 12:37
“Is cúis mhór bhróin atá ann do chairde agus iar-chomhghleacaithe, i ngach gné den Ghaeilge agus den chultúr Gaelach, a fhoghlaim go bhfuil Tadhg Ó hÉalaithe imithe ar shlí na fírinne.
Bhí Tadhg ina Ard-Rúnaí ar an Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta ó bunaíodh í nuair a bhí sé de phribhléid agam a bheith i mo Aire. Ba dhúshlán mór ach fiúntach é roinnt freagrachtaí bhí éagsúil roimhe sin a chomhcheangal mórthimpeall ar Roinn na Gaeltachta, mar a bhí, inar léirigh sé tacaíocht agus ceannaireacht.
Le linn na tréimhse sin d’oibrigh Tadhg le grúpa spreagtha agus tiomnaithe, ina measc mo chomhairleoir Colm Ó Briain, nach maireann, ag baint úsáide éifeachtach as Maoiniú Struchtúrtha na hEorpa i go leor réimsí, agus ag tabhairt tacaíochta do go leor tionscnamh san oidhreacht, sa scannánaíocht, agus sa Ghaeilge lena n-áirítear Teilifís na Gaeilge. Ba sheirbhíseach poiblí tiomnaithe agus éifeachtach é Tadhg agus bhí meas agam ar a fhís, a thiomantas, a ghreann agus a thacaíocht le linn mo thréimhse mar Aire.
Ba mhaith liom mo chomhbhrón a chur in iúl do bhean chéile Tadhg, Mai, lena chlann Nora, Patrick agus Mary, agus lena chlann sínte.”