Ráiteas ón Uachtarán Mícheál D. Ó hUiginn ar bhás Niamh Bhreathnach
Dáta: Lua 6th Fea, 2023 | 13:24
"Is faoi scamall bróin a chloisfidh go leor daoine faoi bhás Niamh Bhreathnach, go háirithe a hiar-chomhghleacaithe agus iad siúd a bhain tairbhe as na leasuithe ionchuimsitheacha a glacadh inár gcóras oideachais de bharr a cuid oibre.
Thosaigh Niamh mar Aire Oideachais ar an lá céanna a rinneadh Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta díom, agus bhí an bheirt againn i measc grúpa daoine a ceapadh ina nAirí den chéad uair ar an lá sin. Cuimhním an imní a bhí orainn ar fad agus muid ag iarraidh an deis a thapú le hathruithe a chur i bhfeidhm, thug Niamh faoin tasc úd le fonn agus le flosc.
Ba í Niamh an chéad pholaiteoir ó Pháirtí an Lucht Oibre mar Aire Oideachais, éacht stairiúil ann féin. Le linn a tréimhse in oifig, thug sí faoi oidhreacht eisceachtúil sa leasú oideachais a fhágáil ina diaidh.
Tá an oidhreacht sin le feiceáil i gcealú tháillí teagaisc na gcúrsaí bunchéime ag an tríú leibhéal, san ardú suntasach i gcaiteachais oideachais, i gcur i bhfeidhm Chlár na hArdteistiméarachta Feidhmí, agus ó thaobh Chlár na hIdirbhliana a chur ar fáil do gach scoil dara leibhéal.
Chuaigh a cuid traenála mar mhúinteoir do dhaltaí le riachtanais speisialta, agus tharraing sí ar a taithí phraiticiúil mar mhúinteoir in Ionad Oliver Bond i mBaile Átha Cliath le béim a leagadh ar an gcur chuige leanbhlárnach. Thug an clár ‘Breaking the Cycle’ a bhunaigh sí tacaíocht dhírithe do scoileanna uirbeacha agus iargúlta faoi mhíbhuntáiste. Tugadh an clár ‘Deis’ air ina dhiaidh sin.
Chonacthas laghdú sonraíoch sa chóimheas idir daltaí agus múinteoir le linn a seala mar Aire Oideachais.
D'oibrigh sí lena hArd-Rúnaí, Don Thornhill, agus de bharr aireachas na beirte faoi luach an taighde fhoilsithe agus polasaithe ó dhaoine ar nós an Ollaimh John Coolahan, d’fhoilsigh Niamh an chéad Pháipéar Bán ar an Oideachas ó bhunú an Stáit ‘ Charting our Education Future’. Thug sí isteach an Bille Oideachais 1997, a ndearna an tOllamh Coolahan cur síos air mar ‘an t-ollchóiriú ba radacaí ar struchtúr riaracháin oideachais céad agus dara leibhéal in Éirinn’.
Le linn a tréimhse in oifig mar Aire Oideachais, tugadh an t-aitheantas cuí do thábhacht na teicneolaíochta agus thraenáil teicneolaíochta, agus mar Aire rinne Niamh maoirseacht ar uasdátú na gCeardcholáistí Réigiúnacha go hInstitiúidí Teicneolaíochta.
Thacaigh sí go mór freisin leis an ngluaiseacht Ag Foghlaim le Chéile ag am cinniúnach, tábhachtach don díospóireacht ar phátrúnacht san Oideachas. Osclaíodh roinnt scoileanna Ag Foghlaim le Chéile le linn a tréimhse in oifig, Scoil Foghlaim le Chéile i nGaillimh san áireamh.
Ní féidir a shéanadh go raibh tionchar ag tuismitheoirí Niamh, Breandán agus Lena, beirt státseirbhíseach, ar a cuid oibre sa tseirbhís phoiblí. Tá cartlann ceoil traidisiúnta saibhir againn a bhuí le hionchur a hathar, Breandán Breathnach, mar bhailitheoir ceoil.
Trína thréimhseachán dátheangach ‘Ceol: A Journal of Irish Music’, mar Chathaoirleach ar Na Píobairí Uilleann, agus mar údar ar na leabhair… aithníodh Breandán mar dhuine de na húdaráis is mó le rá ar cheol traidisiúnta ionstraimeach Gaelach. Is oidhreacht í seo a raibh Niamh an-bhródúil aisti agus phléamar go minic é.
Léiríodh tiomantas Niamh Bhreathnach do sheirbhís phoiblí nuair a d’fhill sí ar Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin agus ina hobair leanúnach mar ghníomhaí sna blianta tar éis a seala mar Aire.
Bhí spéis láidir aici i réimse an oideachais agus gnóthaí poiblí go dtí le déanaí. Aireofar uainn go mór í.
Is mian liom comhbhrón ó chroí a dhéanamh lena fear céile, Tom Ferris, lena clann Clíodhna agus Macdara, agus lena muintir ar fad agus grúpa mór cairde”.