Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Mícheál D. Ó hUigínn ar bhás Mary O’Rourke

Dáta: Déa 3rd Dei, 2024 | 16:58

“Chuir scéala báis Mary O’Rourke an-bhrón ar a cuid cairde, a comhghleacaithe agus muintir a dáilcheantair.  

Chuir Mary agus an oiread sin ball dá teaghlach – lena n-áirítear a hathair PJ Lenihan, a deartháireacha Brian agus Paddy, nianna Brian agus Conor, agus mac Aonghusa – go mór le saol polaitíochta na hÉireann, ag an leibhéal is airde.

Bhí cur chuige géarchúiseach, críonna i leith na polaitíochta agus na bpolaiteoirí ag Mary.

Mar Aire, Aire Stáit, Ceannaire an tSeanaid, TD, Seanadóir agus mar Chomhairleoir, bhí Mary O’Rourke ina polaiteoir díograiseach, agus í tiomanta i gcónaí freastal ar an bpobal.  

Léiríodh mealltacht a pearsantachta sa mheas a bhí ar Mháire i measc an phobail agus a comhbhaill den Oireachtas araon. Bhí meas leanúnach uirthi ina caidreamh leanúnach fadréimseach leis an oiread sin codanna den saol poiblí sna blianta i ndiaidh a saoil pholaitíochta. 

Crónófar í go mór ina baile dúchais, Áth Luain, agus níos faide i gcéin. 

Is mian liom mo chomhbhrón ó chroí a dhéanamh le mic Mary, Aengus agus Feargal, lena garpháistí, agus lena comhghleacaithe agus lena cairde ar fad. 

Síocháin síoraí lena hanam."