Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás an Dr Martin Mansergh
Dáta: hAo 26th Meá, 2025 | 17:16
“Is le brón a thugaimid faoi deara bás an Dr Martin Mansergh.
Fuair an Dr Mansergh meas ní hamháin ó dhaoine a bhfuil tuairimí éagsúla acu ar na himeachtaí stairiúla as ar eascair neamhspleáchas na hÉireann, ach ar chomh-staraithe freisin as an mbealach soiléir agus sofaisticiúil a chuir sé saincheisteanna casta conspóideacha i láthair go minic.
Bhí mionchruinneas an Dr Mansergh an-chabhrach sa tréimhse roimh Chomhaontú Aoine an Chéasta agus sa mhéid a chuir sé go mór leis an bpróiseas síochána i gcoitinne.
Bhí a chomhairle do pholaiteoirí, do na Taoisigh éagsúla ar thug sé cúnamh dóibh, agus ina dhiaidh sin mar chomhalta den Oireachtas a rinne ionadaíocht ar Thiobraid Árann, le tosú i gcónaí leis na fíricí.
Cé go raibh sé ina chomhalta den Oireachtas a rinne ionadaíocht ar Thiobraid Árann agus gur chuir sé comhairle ar Thaoisigh éagsúla, ba í an chomhairle a thug sé do pholaiteoirí ná tosaigh i gcónaí leis na fíricí.
I measc a chomhghleacaithe i dTeach Laighean, bhí meas mór air as a chúirtéis dhomhain, ach as a ghreann freisin.
Ba mhaith liom comhbhrón ó chroí a chur in iúl do bhean chéile Martin, Elizabeth, dá leanaí agus dá theaghlach sínte, dá iar-chomhghleacaithe, agus dá chairde iomadúla go léir.”
