Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn maidir le bás Bruce Arnold

Dáta: hAo 3rd Bea, 2024 | 18:50

“B’fhéidir gurb é an cur isteach neamhdhleathach ar a cheart chun príobháideachais, maidir lena theileafón, is túisce a thagann chun cuimhne nuair a chloiseann daoine go bhfuil Bruce Arnold imithe ar shlí na fírinne. Cor cinniúnach i scéal na hiriseoireachta sa tír seo a bhí i nochtadh an méid a d'fhualaing Bruce agus Geraldine Kennedy agus an fhreagairt ar an scéal sin.

Ach, dóibh siúd a thaithigh leis, is é an chuimhne bhuan atá acu air ná an dúil a bhí aige sna healaíona éagsúla i sochaí na hÉireann agus an chaoi ar chuir sé leis na healaíona sin go léannta.

D'fhéadfá easaontú leis toisc go raibh cúirtéis nádúrtha ag baint leis. Go deimhin is minic nach raibh mé ar aon intinn leis ach d’fhéadfaí a bheith deimhin de i gcónaí go raibh meas aige ar an gcomhthéacs agus ar thuairim a ndearadh go leor taighde di a thabhairt faoin raon leathan ábhar a phlé sé.

Is mór an chreidiúint dó é gur phlé sé agus go ndeachaigh sé i ngleic le go leor téamaí a raibh daoine eile faichilleach orthu. Bhí an misneach céanna ag a bhean chéile, Mavis, nach maireann.

Cuireanna Sabina agus mé féin ár gcomhbhrón ó chroí in iúl lena chlann agus lena chairde go léir.”