Media Library

News Releases

Statement by President Higgins on the dealth of Bernard Loughlin

Date: Sun 21st Oct, 2018 | 15:57

“Chuir an scéala faoi bhás tobann Bernard Loughlin brón orainn go léir a rinne freastal ar Ionad Tyrone Guthrie i Muineachán, agus go deimhin orthu siúd go léir i saol na n-ealaíon cruthaitheach in Éirinn. 

Bhí Bernard ar an gcéad stiúrthóir ar an Ionad i Muineachán, a bhí ina thobar ag cuid mhaith den saothar is breátha leis na scórtha bliain anuas. Ní hamháin go raibh sé ina óstach den scoth dóibh siúd go léir a raibh flosc orthu chun saothar ealaíne a fheiceáil ag teacht chun cinn nó a chríochnú, ach b’fhoinse inspioráide agus ealaíontóir breá a bhí ann féin.

Ba mhaith liom féin agus le Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí a chur in iúl dóibh siúd go léir a raibh aithne agus gean acu ar Bernard.”