Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn tar éis na timpiste aeir in Ahmedabad, an India

Dáta: Déa 12th Mei, 2025 | 15:26

"Mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a dhéanamh le teaghlaigh agus pobail gach duine a fuair bás i dtimpiste eitleáin thragóideach an lae inniu i gcathair Ahmedabad, an India.

Tá ár gcuid smaointe go léir leo siúd atá faoi mhéala, bíodh paisinéirí nó iad siúd atá in aice leis an timpiste, chomh maith leis na hoibrithe éigeandála ar an láthair. 

Mar Uachtarán, déanaim comhbhrón ar son muintir na hÉireann le hUachtarán na hIndia, S.E. Droupadi Murmu, an Rí Séarlas, agus le saoránaigh agus Cinn Stáit na dtíortha sin go léir a ndeachaigh an t-imeacht tragóideach seo i bhfeidhm orthu.”