Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar úsáid na teanga in Gaza

Dáta: Céa 27th Lún, 2025 | 19:23

“I dtóraíocht an daonlathais, le hathbheochan a dhéanamh air nó le hé a dhéanamh níos cuimsithí, tá an teanga ar cheann de na huirlisí is cumhachtaí atá againn.  

Mar atá ráite ag Vaclav Havel, is féidir le focail saoirse a bhaint amach, ach is féidir leo freisin daoine a mharú – ‘thig leo a bheith mar shólás sa dorchadas’, ach ‘is féidir leo freisin a bheith mar bhuille marfach’. 

Tá an iomarca daoine san Eoraip a d’fhan ina dtost, agus cé gur labhair siad ar an ábhar faoi dheireadh, is minic nach raibh a gcuid foclaíochta oiriúnach don mhéid atá ag tarlú. 

Agus iad ag freagairt don uafás atá ag tarlú go laethúil i nGaza, agus atá á bagairt anois ar an mBruach Thiar, is cosúil nach bhfuil roinnt ceannairí in ann an teanga chuí a úsáid chun a chur in iúl cad atá ag tarlú – bíodh sé sin an t-ocras ar ghialla atá á gcoinneáil i nGaza nó an daoradh ar leanaí óga chun báis mhall de bharr easpa cothaithe. Sárú iomlán, ar gach bealach, ar an dlí idirnáisiúnta is ea é seo.

Maraíodh breis is 200 iriseoir, a d’úsáid an teanga le tuairiscí láithreacha a thabhairt ar an léirscrios.

Aontaím leis na ceannairí sin, amhail an tUachtarán Macron, atá ag admháil anois an damáiste atá déanta do chlú an Aontais Eorpaigh. Beidh sé an-deacair don Eoraip an damáiste a rinneadh de bharr freagairt leisciúil a chur ina cheart.

Mar shampla, ar an 15 Iúil fógraíodh go raibh sraith beart comhaontaithe a chuirfeadh faoiseamh daonnúil ar fáil. Cé mhéad duine atá básaithe ó 15 Iúil? Cé mhéad páiste atá caillte go deo?

Mar dhuine a mhair de réir teanga ar feadh mo shaoil, is cúis bhróin dom a rá go bhfuil an teanga oiriúnach í féin ina híospartach eile de chuid na coimhlinte seo”.