Media Library

News Releases

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn maidir le scrios scoile i Khirbet Zanuta

Date: Thu 7th Dec, 2023 | 14:00

“Is fianaise bhreise é scrios scoile, páirtmhaoinithe ag Cúnamh Éireann, i sráidbhaile Khirbet Zanuta sa Chríoch Phalaistíneach faoi Fhorghabháil, mar aon leis an tréigean éigeantach an tsráidbhaile ina iomláine le seachtainí beaga anuas tar éis foréigean agus ciapadh lonnaitheoirí, ar an tionchar uafásach atá ag an méadú ar fhoréigean le seachtainí beaga anuas ar shaol leanaí.

Mar a dúirt Janez Lenarčič, an Coimisinéir Eorpach um Bainistiú Géarchéime, tá scrios scoile den sórt seo do-ghlactha agus sárú ar an Dlí Daonnúil Idirnáisiúnta.

Tagann an ráiteas sin maidir leis an gcás atá ag dul in olcas sa Bhruach Thiar i gcomhthráth le gníomhachtú Airteagal 99 ag Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe António Guterres, rud a léiríonn an baol thromchúiseach go gclisfeadh an córas daonnúil in Gaza. Ní mór caitheamh go han-dáiríre le gníomhaíocht an Ard-Rúnaí agus gach beart is féidir a ghlacadh chun tuilleadh tubaiste a sheachaint agus chun síocháin fhiúntach, bhuan a sholáthar.

Tá sé de dhualgas orainn go léir a chreideann i mbunphrionsabail an Dlí Dhaonnúil Idirnáisiúnta féachaint lena áirithiú go ndéanfar leanaí go háirithe a chosaint ar fhoréigean agus ar mhí-úsáid agus cosaint speisialta a thabhairt dóibh tráth coinbhleachta. Ní mór freagairt don líon mór leanaí a maraíodh ón 7 Deireadh Fómhair i leith ár ngníomhartha go léir a threorú. Ní mór dúinn tacaíocht a thabhairt dár n-institiúidí idirnáisiúnta agus d’Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe ina gcuid achainí go gcuirfí deireadh leis an mbás agus an scriosadh seo.”