Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigín ar bhás Sinéad O’Connor
Dáta: Céa 26th Iúi, 2023 | 20:47
“Is mian liom mo chomhbhrón ó chroí a dhéanamh le hathair Sinéad O’Connor, John, agus le baill eile dá teaghlach ar roinn sí a saol leo.
A luaithe a chuala mé faoi scéal báis Shinéad, chuimhnigh mé láithreach bonn ar a guth álainn, eiseamláireach. Gné shuntasach dá taifid agus dá cur i láthair ar fad ba ea barántúlacht an léirithe, chomh maith le dualgas Shinéad do chur i láthair agus do bhrí an amhráin.
Dúinne a raibh sé de phribhléid aithne a bheith againn uirthi, ní fhéadfaí gan a bheith faoi gheasa ag a tiomantas croíúil, cróga do shaincheisteanna tábhachtacha an lae a d’ardaigh sí i mbéal an phobail, ba chuma cé chomh míchompordach is a bhíodh siad.
Is éard atá caillte ag Éirinn ag aois óg ná duine dár gcumadóirí, amhránaithe agus taibheoirí ba chumasaí le blianta fada anuas. Bhí bua ar leith aici, chomh maith le dlúthnasc éagsúil lena lucht féachana, a raibh cion agus grá as cuimse acu di.
Gaisce amháin a bhí ina cumas tabhairt faoi leaganacha éagsúla ealaíon, chomh maith le cumhacht a gutha agus é ag taisteal fud fad na cruinne.
I measc a buaicphointí bhí saothar don scannánaíocht, ar éirigh léi baint amach trína liricí iomráiteacha.
Bhí guth agus cur i láthair Sinéad O’Connor chomh eiseamláireach, éagsúil agus úr sin, go ndeachaigh sí go mór mór i bhfeidhm ar an lucht féachana, in ainneoin a deacrachtaí féin – gaisce ann féin, go deimhin.
Mar a dhéantar ar ionchur iliomad bean Éireannach eiseamláireach eile, cuimhneofar go deo ar a hionchur sainiúil ar ár saol, ár gcultúr agus ár stair. Ní bheidh a leithéid arís ann.
Go dtaga a hanam ar an tsíocháin a bhí á lorg aici ar iliomad bealaí."