Ráiteas an Uachtaráin Uí Uigínn ar bhás Séamus Pattison
Dáta: Dom 4th Fea, 2018 | 16:30
“Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil gur bhásaigh Séamus Pattison, iar-Theachta Dála céimiúil de chuid Pháirtí an Lucht Oibre as Cill Chainnigh.
Rinne Séamus freastal go cumasach ar a phobal sa saol poiblí ar gach leibhéal ar feadh beagnach caoga bliain, agus le linn an ama sin bhí sé ina Cheann Comhairle agus ina Leas-Cheann Comhairle ar Dháil Éireann ar feadh téarmaí, ina Aire Stáit, ina Chathaoirleach ar Choistí Oireachtais agus ina chomhalta de Pharlaimint na hEorpa.
Mar Sheanóir an Tí ina théarma deireanach i nDáil Éireann, ba mhinic Teachtaí Dála nuathofa ar feadh réimse leathan na polatíochta á iarraidh le haghaidh comhairle mar gheall ar a intinn pholaitíochta ghéar, agus mar gheall ar an gcríonnacht a tharraing sé ó thaithí na mblianta fada.
Bhí an-chion ag muintir Chill Chainnigh air, agus bhí sé ina Mhéara ar a chathair dhúchais trí huaire.
Tá cuimhní taitneamhacha agamsa agus ag an iliomad duine eile ar Shéamus mar chara agus mar chomhghleacaí ar feadh tréimhse saoil sa pholaitíocht agus aireoimid uainn go mór a ghnaíúlacht réidh agus a fhéith ghrinn thógálach.
Cuirimse agus Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí in iúl dá chlann, dá chomhghleacaithe i bPáirtí an Lucht Oibre agus i ngluaiseacht an cheardchumannachais, dá chairde agus dóibh siúd go léir a raibh aithne acu air.”