Statement by President Higgins on the death of Richard Murphy
Dáta: Céa 31st Ean, 2018 | 17:09
“Is le buairt mhór a chuala mé faoi bhás Richard Murphy, duine dár bhfilí is céimúla agus comhalta d’Aosdána.
Níl sé ach tamall gairid ó shin, in 2016, ó léirigh pobal Inis Bó Finne cómhartha ómóis dó nuair a d’eagraigh siad féile ar leith ina onóir agus ar sheol sé teachtaireacht i bhfoirm físeáin chucu.
Bhí sé de phribhléid agam labhairt faoina shaothar agus faoinár gcruinnithe nuair a thugadh sé cuairt ar Ghaillimh. Cé gur bhain sé cáil amach le 'The Battle of Aughrim' (1968), tá ‘Sailing to an Island (1963) ar cheann de na léirithe is breátha den saol, den cheird agus den dúlra agus iad ag dul i ngleic leis an bhfarraige.
Bhí glór breá léitheoireachta aige agus ba é an dara duine, i ndiaidh Dylan Thomas, a roghnaigh an BBC nuair a thosaigh siad ag craoladh filí beo ag aithris filiíochta.
Ba mhaith liom comhbhrón ó chroí, a bheidh á mhothú ag an iliomad duine, a chur in iúl dá iníon Emily, dá mhac William agus dá chairde go léir ar ócáid a bháis. Is comhbhrón é a bheith á aireachtáil ag muintir Iomaí, An Chloiginn agus Srí Lanca.”