Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás Mary Banotti

Dáta: Sat 11th Bea, 2024 | 14:46

Is mian liom teacht leis an ómós léirithe ag cách ar shaol, ar shaothar agus ar phearsantacht lách Mary Banotti, nach maireann.  

Bhí ionchur ollmhór ag Mary Banotti i sochaí na hÉireann, cuir i gcás a seirbhís 20 bliain faoi réir mhuintir Bhaile Átha Cliath mar Fheisire Pharlaimint na hEorpa. Chomh maith leis sin, d’oibrigh sí go dian trína saol ar fad ar son cúiseanna éagsúla ar chreid sí go daingean iontu.

Bhí sé de phribhléid agam aithne phearsanta a chur ar Mary thar na blianta agus bhí meas láidir agam uirthi, agus ar a seasamh daingean sna cúiseanna tábhachtacha seo ar fad. 

I measc na ngaiscí ba shuntasaí dá cuid ná go raibh sí mar chomhbhunaitheoir ar Women’s Aid, mar Chathaoirleach ar Lárionad Rutland um Míúsáid Drugaí, agus gur mhinic di a bheith i mbun feachtasaíochta in aghaidh fuadach leanaí agus ar son na timpeallachta. 

Is mian liom mo chomhbhrón ó chroí a dhéanamh le hiníon Mary, lena deirfiúr Nora Owen, lena muintir ar fad, agus lena comhghleacaithe agus a cairde fud fad na hÉireann, na hEorpa agus níos faide i gcéin.