Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás an Tiarna Henry Mount Charles
Dáta: Déa 19 Mei, 2025 | 11:41
“Bhí an-bhrón orm a chloisteáil faoi bhás an Tiarna Henry Mount Charles.
Bhí ionchur an Tiarna Henry an-uathúil agus mar chasphointe tábhachtach i gceol beo na hÉireann nuair a chinn sé ar an amfaitéatar nádúrtha i gCaisleán Bhaile Shláine a úsáid mar ardán ina bhféadfadh cuid de na ceoltóirí is nua-aimseartha léirithe poiblí a chur ar siúl air.
Ní hamháin go raibh páirt ag Henry in imeachtaí mór le rá, bhí suim mhór aige i gcur chun cinn an cheoil lena n-áirítear tallann nua agus óg.
Bhí brón orm le blianta beaga anuas a chloisteáil faoina chuig streachailtí le hailse, ar labhair sé go pearsanta agus go cuiditheach faoina thaithí.
Gabhaim comhbhrón lena bhean chéile, an Bhantiarna Iona, lena chlann Alexander, Henrietta, Wolfe agus Tamara, agus lena theaghlach agus lena chairde ar fad.”
