Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas an Uachtarán Ó hUigínn faoi bhás an Mhairnéalaigh Ceannais Conor Kiely

Dáta: Sat 18th Sam, 2023 | 09:49

“Is mór an t-ábhar bróin do bhaill den tSeirbhís Chabhlaigh bás an Mhairnéalaigh Ceannais Conor Kiely.

Beidh dilchuimhne ag gach duine a thug L/S Kiely seirbhís leo ar roinnt soithí Éireannacha air, lena n-áirítear an LÉ Aisling, an LÉ Niamh, an LÉ Orla, an LÉ William Butler Yeats agus an LÉ Róisín.

Tá ár smaointe agus ár nguí ag a theaghlach ag an am seo.”