Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás Kathleen Watkins
Dáta: Déa 7th Sam, 2024 | 17:38
"Is le dobrón a chuala mé fhéin agus Saidhbhín faoi bhás Kathleen Watkins, bhí muid an-tógtha go deo léi agus bhí an-chion againn uirthi, mar a bhí ag go leor eile.
Tuigim go maith go raibh an briseadh croí céanna ar chomhghleacaithe Kathleen in RTÉ. Déanaim féin agus Saidhbhín comhbhrón ó chroí leo, chomh maith leis na daoine eile i saol cultúrtha na hÉireann ar fhág Kathleen lorg as cuimse orthu.
Léiríodh iomlán a tallainne ina cuid oibre mar ealaíontóir, craoltóir agus mar scríbhneoir a raibh léitheoirí de gach aois an-tógtha go deo léi.
Ba í Kathleen céile cneasta Gay Byrne, agus smaoiním air anois agus ar an gcaidreamh grámhar idir an bheirt acu. Cuimhnímid chomh maith ar phearsantacht Kathleen, ar a greann agus ar a cineáltas – bhí sí ina hionadaí iontach dá glúin agus tréimhse cinniúnach ar bun inár dtír.
Tá súil agam go mbeidh na cuimhní seo, chomh maith lena hoidhreacht eiseamláireach agus a saol inspioráideach, ina sólás do mhuintir Kathleen agus do gach duine a raibh grá acu di.
Mar Uachtarán na hÉireann, déanaim comhbhrón ó chroí le clann Kathleen Watkins, lena hiníonacha Suzy agus Crona, lena garpháistí agus lena muintir ar fad."