Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás George Morrison
Dáta: Mái 5 Lún, 2025 | 11:24
“Mar Uachtarán na hÉireann, déanaim comhbhrón ó chroí maidir le bás George Morrison.
Is pearsa íocónach agus bhunúsach i scannánaíocht na hÉireann é George Morrison agus fanfaidh sé mar sin. Is scannánóir é a bhfuil ceardaíocht agus scil ollmhór aige agus, mar is ceart, cuimhneofar air go háirithe mar nuálaí iontach i dteicnící scannánaíochta, ag baint úsáid as saothar ceamara nua ceannródaíoch agus ag an am céanna ag tuiscint conas a d’fhéadfaí scannán agus ceol a thabhairt le chéile ar bhealach atá sainiúil.
Cuimsíonn a chuid saothar ceannródaíoch, lena n-áirítear Mise Éire agus Saoirse chomh maith lena lán scannán eile lena n-áirítear a chomhpháirtíocht luath le hAmharclann an Gheata, saothar den scoth a raibh tionchar domhain buan aige ar chultúr na hÉireann agus ar chuimhne chultúrtha na hÉireann.
Cruthaíodh Mise Éire tar éis próiseas pianmhar trína bhfuair George nuachtscannáin a bhí caillte nó dearmadta le fada ón tréimhse neamhspleáchais i gcartlanna ar fud na hEorpa. Mar thoradh ar an obair seo caomhnaíodh 300,000 troigh de phíosaí nuachtscannáin go luath sa 20ú haois a d'fhéadfadh a bheith caillte go deo gan a chuid oibre.
Bhí sé d’onóir agam onóir an tSaoi Aosdána a bhronnadh ar George Morrisson in 2017 agus bhí sé de phléisiúr agam freisin bualadh leis go minic eile thar na blianta, lena n-áirítear nuair a rinneamar comóradh ar a 100ú breithlá in Áras an Uachtaráin in 2023.
Thar ceann Saidbhín agus mé féin, déanaim comhbhrón ó chroí lena theaghlach, lena chairde agus leo siúd go léir a fuair inspioráid óna chuid oibre thar na blianta.”
