Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn maidir le bás Gearóid Ó Cairealláin

Dáta: Dom 22nd Nol, 2024 | 17:05

Tá bás Ghearóid ó Cairealláin, duine mór le rá i ngluaiseacht na Gaeilge, ina chaillteanas ollmhór do chách a oibríonn ar son na Gaeilge – cearta na teanga, a litríocht, agus a háit i saol laethúil an phobail.

Bhí sé ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge, ach shín a chuid tacaíochta i bhfad níos faide ná an ról sin.

Cuireann mé féin agus Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí lena theaghlach, go háirithe lena bhean chéile Bríd, agus lena mhic, Ainle, Cairbre, agus Naoise.