Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn maidir le bás Dickie Rock
Dáta: hAo 6th Nol, 2024 | 23:08
“Méala mór domsa, dála go leor eile, bás Dickie Rock.
Chuir réimeas na seó-bhannaí i gcultúr pobail na hÉireann go mór le stair an cheoil sa tír seo, agus go deimhin le stair an cheoil sa Bhreatain Bheag, áit a rachadh go leor de na seó-bhannaí ar camchuairt le linn an Charghais toisc na bálseomraí a bheith druidte in Éirinn.
Leis na seó-bhannaí móra ar nós Miami Showband tháinig taibheoirí ar réalta iad ar an bhfód, agus ba é Dickie Rock an duine ba mhó cáil orthu sin.
Taibheoir den scoth a bhí ann agus bhí an oiread tóir ar Dickie Rock, mar bhall de Miami Showband agus mar ealaíontóir aonair, gur lean sé de bheith ina shiamsaí a raibh an-tóir air go fiú i measc na nglún a tháinig i ndiaidh réimeas na mbuíonta móra ceoil.
Déanaimid comhbhrón ó chroí le clann Dickie, Jason, John, Richard, Sarah Jane agus Peter, agus lena theaghlach agus a chairde go léir agus lena lucht leanúna ar fud na hÉireann agus ar fud na cruinne."