Media Library

News Releases

Statement by President Higgins on the death of Danny Sheehy

Date: Sat 10th Jun, 2017 | 17:50

Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil gur bhásaigh Dónal Mac an tSíthigh, craoltóir, scéalaí gradamach agus file.

Thuill sé cáil mhór as a chumas lucht éisteachta a spreagadh lena dhíograis do theanga agus do chultúr na Gaeilge, agus rinne sé obair mhór shuntasach chun meas a tharraingt ar an bhfocal labhartha agus scríofa sa Ghaeilge. 

Cuimhneofar air, ní hamháin mar gheall ar a shaoirseacht bháid, ach chomh maith leis sin mar gheall ar na scéalta a bhain leis na turais farraige as an ngnáth ar thug sé fúthu, iad múnlaithe leis an gcumas a bhí aige mionchuntas a thabhairt agus a chuid eachtraí á gcur in iúl. 

Ba mhaith liom féin agus le Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí a chur in iúl dá chlann, dá chairde agus dóibh siúd go léir a ndeachaigh a shaothar i gcion orthu. 

---

It is with great sadness that I have learnt of the death of Danny Sheehy, broadcaster, award winning story teller and poet.

He received great acclaim for his ability to enthuse audiences with his commitment to Irish culture and language, and he made a significant contribution to the appreciation of the spoken and written word in the Irish language.

He will be remembered not only for his boat building, but also the stories of his extraordinary sea journeys, infused with his skill in conveying his experiences and his eye for detail.

Sabina and I wish to send our sympathies to his family, friends and to all those who have been touched by Danny Sheehy’s work.