Ráiteas ón Uachtarán Mícheál D. Ó hUigínn ar bhás Críostóir Ó Floinn
Dáta: Mái 10th Dei, 2023 | 14:36
“Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil faoi bhás an scríbhneora aitheanta dhátheangaigh Críostóir Ó Floinn, agus é 96 bliana d’aois. Is liosta le háireamh an liosta fada saothar óna pheann, ar a laghad trí scór ar fad, i mórán gach seánra liteartha dá bhfuil ann, idir dhrámaí, fhilíocht, fhicsean, aistí, bheathaisnéisí agus aistriúcháin.
Ba i mBéarla is túisce a thosaigh Críostóir ag scríobh agus é ina ógánach i gcathair Luimnigh ach thug sé faoi shaothair i nGaeilge den chéad uair agus é ina dhéagóir. Bhí suim ar leith aige sa drámaíocht agus scríobh sé saothair shuntasacha don stáitse, don raidió agus don teilifís.
Léiríodh drámaí Béarla dá chuid in Amharclanna na Mainistreach agus an Gheata i mBaile Átha Cliath agus sa Lyric i mBéal Feirste, agus drámaí Gaeilge leis i dTaibhdhearc na Gaillimhe, sa Damer agus sa Phéacóg.
Briseadh as a phost mar mhúinteoir scoile é faoi dhó ina shaol mar gur léiríodh drámaí leis in amharclanna eile a raibh diúltaithe ag Bord Amharclann na Mainistreach dóibh ar chúinsí “moráltachta”.
Bhí 12 leabhar filíochta ar liosta a shaothair freisin. Bhain sé iliomad duaiseanna as a chuid scríbhneoireachta in imeacht na mblianta agus ba bhall é d’Aosdána.
Pribhléad a bhí sé é a bheith mar cara don Saidhbhín is mé fhéin. Is mian liom féin agus le Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí a chur in iúl dá bhean chéile Rita agus dá gclann Colm, Ruairí, Caoimhe, Ríonach, Éanna, Niamh agus Ciarán.”
