Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn faoin ionsaí i Londain

Dáta: Domh 4 Mei, 2017 | 13:54

4 Meitheamh 2017

 

Ag labhairt dó faoin ionsaí uafásach i Londain, dúirt Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn:

"Déanfaidh na daoine sin go léir a chreideann go bhfuil an ceart ag an bpobal maireachtáil sa spás poiblí an t-ionsaí uafásach is deireanaí i Londain a cháineadh.

Cuirim comhbhrón ó chroí agus tacaíocht mhuintir na hÉireann in iúl dár gcomharsana sa Ríocht Aontaithe, go háirithe do theaghlaigh na ndaoine a fuair bás, agus guímid ár mbeannachtaí agus biseach orthu siúd a gortaíodh agus a muintir."