Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar Chomóradh 50 Bliain Bhuamáil Birmingham
Dáta: Déa 21st Sam, 2024 | 00:01
“Caoga bliain ó shin, d’fhulaing muintir Birmingham tragóid ollmhór nuair a pléascadh buamaí in dhá theach tábhairne, an Mulberry Bush agus Tavern in the Town.
Tugaimid chun cuimhne an 21 duine a cailleadh ar an lá sin, seachtar ban agus ceithre fhear déag, iad idir 16 agus 51 bliain d’aois, seisear díobh fós ina ndéagóirí. Agus sinn ag tabhairt ómóis dóibh, táimid ag smaoineamh ar lá seo an comórtha ar a dteaghlaigh, a raibh orthu ualach an chaillteanais a iompar.
Tá sé tábhachtach chomh maith ar lá mar seo, go gcuimhnímid ar na daoine a gortaíodh sna hionsaithe sin, agus go bhfuil lorg an ghortaithe sin fós á fhulaingt sa lá atá inniu ann.
Cúis bhróin eile is ea tóraíocht na fírinne le dlí agus ceart a thabhairt do na daoine a maraíodh agus a gortaíodh ar an 21 Samhain 1974.
Nuair a thug mé cuairt ar Birmingham in 2019, ar chomóradh 45 bliain na buamála, ag tabhairt urraim ag an gcuimhneachán d’íospartaigh na heachtra uafásaí, chuaigh na naisc cairdis a cruthaíodh idir mhuintir Birmingham go mór i bhfeidhm orm, lena n-áirítear an pobal mór bríomhar Gaelach a gcuireann fúthu sa bhaile, agus muintir na hÉireann. Gabhaim ómós do Maurice Malone, atá anois ina phríomhfheidhmeannach ar Chumann Gaelach Birmingham, agus dóibh siúd go léir a d’oibrigh chomh dian sin, a léirigh an tiomantas agus diongbháilteacht chun caidrimh a chothú agus a neartú le pobal na hÉireann i mBirmingham i ndiaidh na buamála agus sna 50 bliain atá caite ó shin.
Níos déanaí an bhliain sin, i mí Dheireadh Fómhair 2019, ba mhór an onóir dom a bheith i m’óstach d’ionadaithe na n-íospartach agus marthanóirí na buamála ag Áras an Uachtaráin i mBaile Átha Cliath. Bhí an deis agam éisteacht lena scéalta coscracha faoi chumas caillte, faoi thodhchaí scriosta, agus chun cloisteáil faoi shaolta bríomhara agus básanna tragóideacha a ngaolta, an t-aon duine is fiche a chaill a mbeatha ar 21 Samhain 1974:
Michael Beasley, Lynn Bennett, Stanley Bodman, James Caddick, Thomas Chaytor, John Clifford Jones, James Craig, Paul Davies, Jane Davis, Charles Gray, Maxine Hambleton, Anne Hayes, Neil Marsh, Marilyn Nash, Pamela Palmer, Desmond Reilly, Eugene Reilly, Maureen Roberts, John Rowlands, Trevor Thrupp agus Stephen Whalley.
Is mian liom ómós a thabhairt do lucht eagraithe ócáid chuimhneacháin an lae inniu. Is dea-shampla í den athmhuintearas ar féidir a spreagadh idir pobail éagsúla a bhfuil stair dhorcha comhroinnte acu.
Tá súil ó chroí agam gur féidir le gach duine atá ag dul i ngleic le hoidhreacht phianmhar na dTrioblóidí spiorad na tuisceana a ghairm, i scéal seo ár n-aistear comhroinnte, i dtreo na síochána agus an athmhuintearais, mar atá léirithe chomh misniúil sin agaibh inniu.”