Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar an gCabhlach Domhanda Sumud
Dáta: Céa 1st Dei, 2025 | 22:04
"Le roinnt seachtainí anuas, bhí nach mór comhthoil i measc bhall na Náisiún Aontaithe gur cheart Stát na bPalaistíne a aithint mar bhunchloch thógála don tsíocháin sa réigiún.
B’fhiú dúinn a fhiafraí cá bhfuil an tiomantas sin anois má tá cabhlach ina bhfuil níos mó ná 40 bád agus breis is 500 duine ón bpobal idirnáisiúnta — atá ag iarraidh cabhair dhaonnúil a thabhairt, uisce, cógais agus bia dóibh siúd atá i ngátar — á chosc óna sprioc dhaonnúil a bhaint amach.
Is cúis imní dúinne uile agus do na náisiúin as a dtagann na daoine seo sábháilteacht agus cosaint na ndaoine atá páirteach sa mhisean daonnúil seo.
Tá Gaza agus an Bruach Thiar mar chuid den chríoch a bheadh sa Stát Palaistíneach. Is chuig críoch faoi fhorghabháil atá an cabhlach seo ag treorú a mhisin dhaonnúil.
Ag an am céanna agus seo á tharlú, tá an bealach amach ó Thuaisceart Gaza i dtreo an deiscirt i mbaol a bheith blocáilte, rud a fhágfadh daonra sibhialta nach bhféadfadh a bheith níos leochailí, faoi mhilleadh buamála leanúnaí agus scriosfar a dtithe.
Nuair a chuirtear le chéile é seo ar fad agus na sáruithe ar dhlí idirnáisiúnta atá anois aitheanta go soiléir, chomh maith leis an bhfíoras gur cuireadh iallach ar Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge a chuid oibríochtaí i gCathair Gaza a chur ar fionraí i leith an daonra shibhialta seo, ba chóir go gcuirfeadh na heachtraí seo uafás ar an domhan mór."
