Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar an gcomhaontú idir Iosrael agus Hamas maidir le sos comhraic agus scaoileadh cimí

Dáta: Céa 15th Ean, 2025 | 20:33

Is le háthas agus faoiseamh a chuirfear fáilte roimh an bhfógra go bhfuil comhaontú ann maidir le sos comhraic agus ar scaoileadh cimí i réigiún a raibh fulaingt dhochreidte ann le cúig mhí dhéag anuas. 

Is é beatha an duine, costas na coimhlinte seo, san Iosrael i dtosach le dúnmharú, ionsaí agus fuadach. Ansin, le freagairt a raibh cailliúint beatha mar thoradh uafásach air, dóibh siúd in Gaza, mná agus páistí ab ea formhór na n-íospartach.  

Is comhaontú é seo a gcuirfidh iad siúd atá ar imeall na beatha fáilte mhór roimhe. 

Tá na teaghlaigh a raibh tionchar ionsaithe Hamas an 7 Deireadh Fómhair 2023 orthu ag fanacht go himníoch ar an gcomhaontú le nuacht a fháil faoi fholláine a gcuid gaolta a gabhadh an lá sin. I gcásanna áirithe, féadfaidh na laethanta amach romhainn scéala a thabhairt faoi bhás baill den teaghlach, rud a bheidh ina ábhar don bhrón is doimhne.

Cuirfidh muintir Ghaza fáilte mhór roimh an sos comhraic seo chomh maith, agus iad ag caoineadh a muintire agus ag cuardach an smionagair dóibh siúd atá go fóill ar iarraidh.

Is é an rud is tábhachtaí ná go mbainfear leas as an gcomhaontú seo le cabhair dhaonnúil a scaoileadh isteach sa cheantar gan a thuilleadh moille, cabhair a bhfuil géarghá léi ar mhaithe le beatha daoine a shábháil.  

Tá sé tábhachtach go scaoilfear leis na gialla ar fad agus go gcomhlíontar ina iomláine gach staid den chomhaontú.

Ba mhaith le baill an phobail idirnáisiúnta a mbuíochas a ghabháil leis an toscaireacht, lena bhfoighne agus lena ndúthracht, ar éirigh leo an pointe seo a bhaint amach, agus deireadh a chur leis an bhfulaingt uafásach. 

Chomh maith le deireadh a chur le cailliúint na beatha agus leis an ollscrios sa cheantar, tá dóchas ann go mbeidh comhaontú an lae inniu ina bhunchloch, a mbeidh plé suntasach agus seasmhach ón bpobal idirnáisiúnta air le síocháin agus slándáil seasta a bhunú san Iosrael, sa Phalaistín agus sa cheantar máguaird. Fís is ea í seo a bhfuiltear ag súil leis le fada an lá.

Is bóthar dúshlánach é seo, ach is aistear é a chaithfear a chur dínn le deireadh a chur le fulaingt an phobail ar an dá thaobh, agus le todhchaí atá geal, slán agus síochánta a fhíorú.