Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn tar éis timpiste bóthair tragóideach i gCo Thiobraid Árann
Dáta: Sat 26th Lún, 2023 | 14:08
"Tá comhbhrón gach tuismitheora agus ball teaghlaigh, go deimhin comhbhrón an phobail iomláin, le teaghlaigh Zoey Coffey, Nicole Murphy agus Luke agus Grace McSweeney, a cailleadh aréir i dtimpiste tráchta uafásach i gContae Thiobraid Árann aréir.
Tá an brón a léirigh an pobal infhulaingthe agus déanaim comhbhrón ó chroí lena dteaghlaigh, lena bpobal ar fad, leo siúd a bhí sa bhliain chéanna leo, agus leis an scoil ar fad, a daltaí agus a bainistíocht araon.”