Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás do Michael Gambon

Dáta: Déa 28th Meá, 2023 | 15:31

"Mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liom a chur in iúl go bhfuilim faoi bhrón agus táim cinnte de go bhfuil an brón sin á roinnt leo siúd go léir a bhfuil léirthuiscint acu ar a shaothar ar an stáitse agus sna scannáin, ar chloisteáil dóibh faoi bhás an Ridire Michael Gambon.  Ba mhaith liom mo chomhbhrón a dhéanamh lena bhean chéile Anne, lena mhac Fergus, lena mhuintir, lena chomhealaíontóirí agus lena chairde. 
 
Bhí Michael Gambon, a rugadh i mBaile Átha Cliath, ar dhuine de na haisteoirí ba bhreátha dá ghlúin. Aithníodh go raibh bua faoi leith aige go luath ina ghairmréim, ar an stáitse, ar scannán, ar theilifís agus ar raidió. Níos deireanaí, chuir glúin nua páistí agus daoine fásta aithne air as a léiriú ar Albus Dumbledore sna scannáin "Harry Potter".
 
É sin ráite, chuir sé a chumas i gcrích thar thréimhse trí scór bliain.  Mar aisteoir bhí an chuma air nach raibh traochadh ar bith air, bíodh sin trína shaothar le hAmharclann Náisiúnta an Ridire Laurence Olivier i Londain nó trína léirithe in Amharclann Ríoga Shakespeare in Stratford. Thaispeáin a chairdeas le Peter O'Toole an tiomantas don saothar ar stáitse a roinn siad.
 
Ba chuid de gach ar bhain sé amach ina ghairmréim mar aisteoir roinnt drámaí de chuid Samuel Beckett, lena n-áirítear iad sin in Amharclann an Gheata i mBaile Átha Cliath, chomh maith le léirithe ar shaothar an iliomad drámadóirí mór le rá lena linn, Harold Pinter san áireamh. 
 
Tá bailiúchán saothar mór fágtha le hoidhreacht láidir aige, rud a chuirfidh gach ar bhain sé amach i gcuimhne dóibh siúd go léir a raibh meas acu ar a shaothar.”