Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn tar éis chruinniú 2023 de Ghrúpa Arraiolos Uachtaráin Neamhfheidhmiúcháin an AE.
Dáta: hAo 6th Dei, 2023 | 20:06
"Bhí áthas orm an deis a bheith agam teacht le chéile le mo Chomhcheanna Stáit arís chun plé a dhéanamh ar chuid de na dúshláin roinnte is tábhachtaí atá romhainn san Eoraip agus ar Domhan araon.
Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Uachtarán Marcelo Rebelo de Sousa agus le muintir na Portaingéile as an gcruinniú tábhachtach seo a óstáil agus as an bhfáilte a chur siad romhainn sa dá lá atá caite.
Tharla ár gcruinniú ag am a raibh géarchéimeanna ag trasnú a chéile. Mar shampla, tá an t-athrú aeráide, an tslándáil bhia, an bhochtaineacht dhomhanda agus an imirce fite fuaite trína chéile. Tá géarú mór tagtha ar gach aon cheann de na dúshláin sin de bharr coimhlintí agus cogaí, lena n-áirítear an cogadh ar ár n-ilchríoch féin. Is é is toradh orthu ná méadú ar phatrúin imirce neamhdheonacha ar scála an-mhór. Ni féidir aon cheann de na dúshláin a shárú as féin, nó gan tagairt don chomhthéacs leathan a chruthaíonn gach aon cheann ar leith díobh.
Más mian linn domhan níos cothroime agus níos inmharthana a bhaint amach, níl sé dóthanach gníomhartha caola gearrthéarmacha, a bhíonn go minic eisiatach, a lorg. Ina áit sin, ba cheart dúinn leas a bhaint as an scoláireacht atá ar fáil dúinn agus comhoibriú lena chéile chun na hathruithe struchtúracha a theastaíonn chun an timthriall leanúnach de ghéarchéimeanna trasnaithe a bhriseadh agus ár n-ollstruchtúr idirnáisiúnta iltaobhach a athchóiriú chun sin a bhaint amach.
Níl sin ró-dheacair dúinn. Cuireadh fáilte uilíoch roimh na comhaontuithe idirnáisiúnta a baineadh amach i Nua Eabhrac agus i bPáras 2015 maidir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na NA agus leis an gComhaontú Faoin Athrú Aeráide faoi seach, go háirithe mar a bhaineann siad le daoine óga agus cuireann siad creat ar fáil dúinn as ar féidir fíorthodhchaí inbhuanaithe a thógáil don chine daonna agus dár bpláinéad.
Mar Cheanna Stáit, tá sé tábhachtach go dtabharfaimis freagra ar na ráitis a rinne Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe Antonio Guterres, atá tar éis labhairt ar an bpráinn a bhaineann le teip cuid de na náisiúin is cumhachtaí cloí leis na gealltanais a thug siad in 2015. Go deimhin, chuaigh sé níos faide leis an scéala agus béim á cur aige ar an ngá práinneach le gníomh agus le cinntiú go ndéanfaí athchóiriú ar ollstruchtúr ár n-institiúidí iltaobhacha ionas gur féidir dul i ngleic leis na dúshláin mhóra nasctha a bhfuil tagairt déanta agam dóibh.
Ní mór dúinn uile freagairt do na focail ar ábhar buartha iad a dúirt leithéid Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe agus na céimeanna ríthábhachtacha a ghlacadh lena chinntiú go bhfágfar domhan inmharthana ag na glúinte inár ndiaidh.
Cuirim fáilte roimh an bplé a rinneamar inniu ar na ceisteanna ríthábhachtacha sin agus ar a bhfuil i ndán do dhlúthpháirtíocht ar féidir léi teacht i bhfeidhm i gcás cuid de na daoine is leochailí san Eoraip, agus sna hilchríocha in aice láimhe a bhfuilimid faoi mhórchomaoin acu - iad sin a bhfuil tionchar na cogaíochta, an ocrais, agus na bochtaineachta ag cur isteach orthu, chomh maith le scrios a gcomhshaoil agus slite maireachtála. Chun sin a bhaint amach, ní mór dúinn tuilleadh a dhéanamh chun comhoibriú na hEorpa le gníomhaithe réigiúnacha, lena n-áirítear iad siúd ón Afraic, ó Mheiriceá Theas agus ón Áis, a neartú ag leibhéal na NA.
Níos deireanaí an mhí seo, tabharfaidh mé m'aghaidh ar an Róimh, áit a labhróidh mé arís eile faoi théama na slándála bia i roinnt aitheasc don Fhóram Bia Domhanda. Buailfidh mé, freisin, leis an bPápa Proinsias, a léirigh cuid mhaith den ábhar buartha atá pléite againn ina imlitir Laudate Deum agus a tharraing aird uair amháin eile ar an bpráinn le gníomhú go ceart agus go fiúntach.
Ar deireadh, glacaim buíochas le mo Chomh-Uachtaráin arís as an bplé luachmhar a bhí againn inniu agus tá dóchas agam go mbeidh fianaise ann go ndearnadh fíorghníomhú idir an dá linn chun dul i ngleic leis an ábhar mór buartha a roinnimid uile maidir leis na ceisteanna ríthábhachtacha sin nuair a bhuailfimid lena chéile an bhliain seo chugainn.”
