Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn tar éis stailce ar shuíomh scoile i gCathair Gaza

Dáta: Sat 10th Lún, 2024 | 14:38

"Déanfar an t-ionsaí a tharla ar shuíomh scoile i nGaza, áit a raibh 6,000 duine díláithrithe tuairiscithe ag foscadh agus go leor ag ullmhú do paidreacha maidin, a cháineadh ag gach duine atá ag iarraidh síocháin a fháil i sárú uafásach leanúnach ar chearta an duine. 

Ní mór do na Ballstáit uile a bheith an-dáiríre faoi na barúlacha a thug Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha, Josep Borrell, nach bhfuil aon údar leis na sléachtanna a tharla tar éis 10 scoil ar a laghad a bheith spriocdhírithe le seachtainí beaga anuas. 

Tá géarghá anois le bearta praiticiúla de chineál taidhleoireachta chun a chinntiú nach gcuirfear tuilleadh le bás agus le léirscrios iomlán an bhonneagair sa réigiún. 

Ní féidir le duine ar bith a shúile a iompaigh níos mó. Caithfear deireadh a chur le leibhéal uafásach an mharaithe le sos cogaidh láithreach, le gach giall a scaoileadh saor, agus le gach cabhair is gá a chur ar fáil láithreach."