Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn tar éis iniúchadh poiblí ar dhúnmharú Pat Finucane a bheith fógartha
Dáta: Céa 11th Meá, 2024 | 21:13
Cuirtear fáilte mhór roimh fhógra an Rúnaí Stáit do Thuaisceart Éireann go mbunóidh Rialtas na Breataine iniúchadh poiblí ar dhúnmharú Pat Finucane.
Le cinneadh an lae inniu tugtar aitheantas tábhachtach don bhriseadh croí a d’fhulaing Geraldine Finucane agus a teaghlach le blianta fada, chomh maith lena bhfeachtasaíocht leanúnach ar son na fírinne.