Cuireann an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn fáilte roimh aitheantas do Thaistealaithe mar mhionlach eitneach
Dáta: Céa 1st Már, 2017 | 19:14
Chuir an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn fáilte inniu roimh an aitheantas a tugadh do Thaistealaithe mar mhionlach eitneach:
"Mar Uachtarán na hÉireann cuirim fáilte mhór roimh fhógra an lae inniu maidir le haitheantas foirmiúil do Thaistealaithe na hÉireann mar mhionlach eitneach dúchasach.
Is cinneadh tábhachtach atá anseo, agus aitheantas foirmiúil á thabhairt d’áit na dTaistealaithe i sochaí na hÉireann.
Táim tar éis scríobh chuig eagraíochtaí na dTaistealaithe, a raibh feachtas agus obair ar siúl acu ar an gceist seo ar feadh na mblianta fada, chun mo chomhghairdeas agus mo mheas ar a gcuid oibre a chur in iúl dóibh.
Níl amhras ar bith orm ach go dtabharfaidh soiléiriú an lae inniu cúnamh le léirmhíniú a fháil ar an dlí maidir le cearta na dTaistealaithe, agus le meas ar fhéiniúlacht ar leith na dTaistealaithe i gcreatlach shochaí na hÉireannn a chinntiú."