An tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn le haitheasc a thabhairt i Londain
Dáta: Céa 12th Dei, 2016 | 13:26
Dé hAoine 14 Deireadh Fómhair, tabharfaidh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn cuairt aon lae ar Londain, chun príomhaitheasc a thabhairt ar shaol Eva Gore-Booth agus ar ar bhain sí amach.
Tabharfaidh an tUachtarán a aitheasc, dar teideal “The Importance of Eva Gore-Booth’s Radical Vision in the Dramatic Historical Events of the late 19th and early 20th Centuries”, i Halla na Comhdhála i gceartlár Londan.
Ina aitheasc, déanfaidh an tUachtarán iarracht ‘díchuimhne na staire a chur ina cheart’ trí mhachnamh a dhéanamh ar ionchur suntasach Eva Gore Booth, a ligtear i ndearmad go minic, ní hamháin maidir leis an troid ar son na saoirse, ach ar son chearta chodanna díchumhachtaithe den tsochaí sa Bhreatain nach raibh ceart vótála acu.
Déanfar tagairt do ról Eva Gore-Booth in eagrú na n-oibrithe ban i Manchain agus i dtionscal na dteicstílí, i ngluaiseacht an chirt vótála do mhná, agus ina caidreamh le himeachtaí 1916 agus lena deirfiúr Constance Markievicz.
Níos luaithe sa lá, beidh an tUachtarán i láthair ag imeacht a bheidh á óstáil ag Ambasadóir na hÉireann chuig an Ríocht Aontaithe, Daniel Mulhall.
Fágfaidh an tUachtarán Londain agus fillfidh sé ar Bhaile Átha Cliath maidin Dé Sathairn.