An tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn le freastal ar chomóradh an Somme
Dáta: Déa 30th Mei, 2016 | 17:19
30 Meitheamh 2016
Ar an 1 Iúil, beidh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn i láthair ag comóradh céad bliain thús Chatha an Somme ar an 1 Iúil 1916.
Beidh a bhean chéile Saidhbhín Uí Uigínn agus Heather Humphreys TD, Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiunacha, Tuaithe agus Gaeltachta, ar son an Rialtais, i gcuideachta an Uachtaráin.
Beidh an tUachtarán ina ionadaí ag Éirinn ag comhchomóradh na Breataine-na Fraince ag Leacht Cuimhneacháin na nDaoine ar Iarraidh an Somme.
Ar theacht dó, cuirfidh Príomh-Aire na Fraince Manuel Valls agus Príomh-Aire na Breataine David Cameron fáilte roimh an Uachtarán. Beidh roinnt de Theaghlach Ríoga na Breataine, an Prionsa Seárlas agus a bhean Camilla chomh maith leis an bPrionsa William agus a bhean Catherine i láthair chomh mnaith. Beidh an tIar-Uachtarán Horst Köhler i láthair ar son na Gearmáine.
Táthar ag súil go mbeidh tuairim is 500 saoránach Éireannach i measc an tslua i láthair.
Beidh an searmanas ar siúl ag Leacht Cuimhneacháin na nDaoine ar Iarraidh an Somme, a tógadh idir 1928 agus 1932 chun ómós a léiriú don 72,195 saighdiúr as an mBreatain agus an Afraic Theas nach bhfuarthas a gcorp riamh tar éis an chatha.
Ba é Sir Edwin Lutyens a dhear an leacht, agus é a dhear Leacht Cuimhneacháin Cogaidh Náisiúnta na hÉireann i nDroichead na hInse, Baile Átha Cliath.