Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Cuireann an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn teachtaireacht tacaíochta chuig Foireann Pharailimpeach na hÉireann

Dáta: Lua 5th Meá, 2016 | 20:52

Chuir an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn teachtaireacht tacaíochta inniu chuig an 46 lúthchleasaí agus a bhfoireann Tacaíochta i bhFoireann na hÉireann roimh shearmanas oscailte na gCluichí Parailimpeacha Rio 2016, ar an 7 Meán Fómhair.

 

TEACHTAIREACHT ÓN UACHTARÁN MICHEÁL D. Ó hUIGÍNN CHUIG FOIREANN PHARAILIMPEACH NA hÉIREANN

 

Agus sibh ar tí imeacht chuig Rio de Janeiro, is mian liom gach rath a ghuí oraibh, baill d’fhoireann Pharailimpeach na hÉireann.

Sna seachtainí amach romhainn bainfidh sibh amach an pointe sin ar a raibh bhur n-ullmhúchán dírithe agaibh ar feadh na laethanta agus na seachtainí agus sibh i mbun traenála, agus tá súil agam, pé toradh a bhíonn ar bhur gcuid iarrachtaí, gur fíorú bhur n-aislingí a bheith in bhur rannpháirtíocht sna Cluichí Parailimpeacha Rio 2016.

Tá bealach fada taistealta agaibh, fiú sula dtosaíonn sibh ar bhur mbealach go Rio, ar chonair uaigneach an lúthchleasaí – conair atá lán de bhacainní agus de dhúshláin. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do gach duine a chuidigh libh ar bhur dturas.

Níl aon amhras orm ach go dtaispeánfaidh sibh, baill d’Fhoireann Pharailimpeach na hÉireann, agus baill na foirne tacaíochta, réimse iomlán bhur misnigh, bhur scileanna agus bhur dtiomantas agus a bhfuilimid chomh bródúil asaibh mar ár n-ionadaithe i Rio dá mbarr. 

Thar ceann mhuintir na hÉireann, is mian liom gach rath a ghuí oraibh agus sibh ag imeacht ar thuras agus beidh mé ag coimeád súil ar bhur ndul chun cinn sa Bhrasaíl

 

Beir beannacht,

 

Micheál D. Ó hUigínn

Uachtarán na hÉireann