Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Déanann an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn comhghairdeas le daltaí na hArdteistiméireachta

Dáta: Céa 17th Lún, 2016 | 15:02

17 Lúnasa 2016

Tá comhghairdeas déanta ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn leis na daoine óga sin go léir a fuair torthaí na hArdteistiméireachta inniu.

“Is lá tábhachtach i saol na mílte duine óg ar fud na tíre atá inniu ann, agus a gcuid torthaí á fáil inniu acu ar an scrúdú acadúil ba thábhachtaí dóibh go dtí seo.

Tá súil agam nach mbeidh aon lagú misnigh orthu maidir leis an todhchaí agus a dtorthaí á bhfáil acu agus go mbeidh meas acu ar thorthaí a n-iarracht phearsanta agus chomhchoitianta – agus gur féidir leo anois tabhairt faoi aistear ina mbeidh deiseanna, foghlaim agus sásamh, i ndlúthpháirtíocht le daoine eile.

Tá an cumas ag daoine óga in Éirinn agus in áiteanna eile ár sochaí a athrú ó bhonn agus cúnamh a thabhairt Éire a thógáil ina mbeidh óg agus sean ábalta saol sona agus torthúil a bheith acu i sochaí bhríomhar agus láidir.”