Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Cuireann an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn a bhrón in iúl d’íospartaigh an chreatha thalún

Dáta: Céa 24th Lún, 2016 | 15:17

Chuir an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn a chomhbhrón in iúl inniu, 24 Lúnasa 2016, dá Shoilse Sergio Mattarella, Uachtarán na hIodáile.

Ina litir, ar son mhuintir na hÉireann, chásaigh an tUachtarán Ó hUigínn an caillteanas tragóideach beatha a tharla i ndiaidh an chreatha talún in Umbria leis an Uachtarán Mattarella.

Thug an tUachtarán chun cuimhne chomh maith na creathanna talún a bhuail an Iodáil níos luaithe, an crith talún ag  L’Aquila in 2009 ina measc.