Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Déanann an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn comhghairdeas le foirne sacair na hÉireann

Dáta: Céa 22nd Mei, 2016 | 11:24

22 Meitheamh 2016 

Rinne an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn comhghairdeas inniu le foirne na hÉireann atá ag glacadh páirte i gcraobhchomórtas sacair na hEorpa.

“Is iontach an cluiche a bhí anocht ann agus ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a dhéanamh le foireann Phoblacht na hÉireann, leis na cóitseálaithe agus leo siúd go léir a d’oibrigh go dian chun an toradh seo, a bhí tuillte go maith, a bhaint amach. 

Beidh gach duine a bhfuil suim acu i sacar sásta go bhfuil staid díbeartha an chomórtais bainte amach ag an dá fhoireann, agus go bhfuil siad fós san iomaíocht do chorn Henri Delaunay.

Ba mhaith liom ardmholadh a thabhairt do lucht tacaíochta na hÉireann mar gheall ar an gcáil a bhain siad amach as a ndea-iompar sa Fhrainc. Ní fhéadfaí ambasadóirí níos fearr a sheoladh thar lear ar son na hÉireann.”