Déanann an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn comhghairdeas le Paul O'Donovan as bonn óir a bhaint sa rámhaíocht
Dáta: Sat 27th Lún, 2016 | 16:18
27 Lúnasa 2016
Rinne an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn comhghairdeas inniu le Paul O’Donovan as bonn óir a bhaint amach i gComórtas Céaslaire Aonair Éadroim na bhFear i gCraobhchomórtas Rámhaíochta an Domhain i Rotterdam:
“De bharr neart iontach a intinne agus a cholainne tá bonn óir buaite ag Paul O’Donovan i gCraobhchomórtas Rámhaíochta an Domhain, achar gearr tar éis dó bonn airgid a bhaint amach i Rio de Janeiro.
Tá daoine ar fud na tíre an-tógtha lena bhfuil bainte amach aige, agus inniu déanaimse comhghairdeas leis as an mbonn óir seo, a bhí tuillte go maith aige, a bhuachan.”