Déanann an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn comhghairdeas le Niamh McCarthy agus Orla Barry
Dáta: hAo 16th Meá, 2016 | 14:56
Tá an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn tar éis comhghairdeas a dhéanamh leis na lúthchleasaithe Éireannacha Niamh McCarthy agus Orla Barry as a bhfuil bainte amach acu sna Cluichí Parailimpeacha 2016 i Rio.
"Ba mhaith liom a dtaispeántas sna Cluichí Parailimpeacha, nuair a bhuaigh siad boinn as caitheamh na teisce, a thréaslú le Niamh McCarthy agus le Orla Barry.
Is de thoradh a gcuid tallainne agus a gcuid scile, chomh maith le blianta oibre crua, ullmhúcháin agus íobairte a d’éirigh leo, agus is inspioráid a n-eiseamláir don iliomad daoine óga in Éirinn chun dul i mbun spóirt agus a gcumas agus a mbuanseasmhacht a thástáil."