Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Déanann an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn comhghairdeas le Eoghan Clifford

Dáta: hAo 9th Meá, 2016 | 22:46

Tá an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn tar éis a chomhghairdeas a chur in iúl  do Eoghan Clifford as déanamh chomh maith sin i gCluichí Parailimpeacha Rio 2016.


"Thar ceann mhuintir na hÉireann, ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Eoghan Clifford as bonn cré-umha a bhuachan sa Tóraíocht Aonair. Is bliain fíor-rathúil a bhí sa bhliain seo do Eoghan Clifford, tar éis gur éirigh thar cionn leis ag Craobhchomórtas an Domhain sna Trialacha Bóthair agus Ama agus bonn cré-umha a bhaint sna Cluichí Parailimpeacha chomh maith."