Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

An tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn ag déanamh comhghairdis le foireann rugbaí Chonnacht

Dáta: Sat 28th Bea, 2016 | 22:10

28 May 2016

 

Rinne an tUachtarán Micheál  D. Ó hUiginn comhghairdeas inniu le foireann rugbaí Chonnacht as an Pro 12 a bhuachaint den chéad uair i Murrayfield:

“Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach uile dhuine a bhfuil baint aige nó aici le Rugbaí Chonnacht as an mbua iontach a bhí acu i gcluiche ceannais Guinness Pro 12 i nDún Éideann inniu.

Is bua cáiliúil atá anseo do Rugbaí Chonnacht, a chuir an sméar mhullaigh ar bhliain iontach do Chúige an Iarthair. Is inspioráideach an rath a bhí orthu agus táthar ag súil go spreagfaidh bua Chonnacht inniu fir agus mná óga ar fud na hÉireann páirt a ghlacadh i gcúrsaí spóirt.

Tá lucht tacaíochta den scoth ag an bhfoireann agus lean siad dul chun cinn na foirne ar feadh an tséasúir. Tá ceangal iontach déanta ag Pat Lam agus acu siúd go léir atá ag obair le Rugbaí Chonnacht le pobail Iarthar na hÉireann, rud a chuireann go mór le tábhacht bhua rugbaí Chonnacht.

Ag amanna mar seo, déanaimid ceiliúradh, ní hamháin ar bhua agus ar thiomantas na n-imreoirí agus na foirne cóitseála, ach freisin ar bhlianta tiomantais na ndaoine sin go léir a thug tacaíocht agus a rinne obair dheonach ionas go mbeadh Rugbaí Chonnacht san áit a bhfuil sé inniu.

Connacht Abú!”