Cuireann an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn tús le Cuairt Oifigiúil chuig Daon-Phoblacht Dhaonlathach Laos
Dáta: Lua 14th Sam, 2016 | 16:47
14 Samhain 2016
Cuirfidh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn, i gcuideachta a mhná céile Saidhbhín, tús le cuairt oifigiúil chuig Vientiane, príomhchathair Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach Laos (DPD Laos) Dé Máirt an 15 Samhain.
Beidh an tUachtarán á thionlacan ag an Aire Stáit um Oiliúint, Scileanna agus Nuálaíocht, John Halligan T.D.
Tabharfaidh cuairt an Uachtaráin, an chéad cheann ag Ceann Stáit na hÉireann, tacaíocht d'fhorbairt an chaidrimh leis an tír sin, trí chainteanna ar thosaíochtaí idirnáisiúnta na hÉireann, agus trí naisc chultúrtha agus oideachasúla, cúnamh forbartha idirnáisiúnta agus caidreamh trádála agus infheistíochta a chur chun cinn.
Beidh sé mar aidhm ag cuairt an Uachtaráin tacú le forbairt shocheacnamaíochta i réimsí an chothaithe, an ghlanta ordanáis neamhphléasctha, an fhuinnimh ghlais agus inbhuanaitheacht na dtáirgeoirí beaga i réimse na talmhaíochta.
Déanfaidh sé plé ar thodhchaí na turasóireachta inbhuanaithe éiceolaíche, clár Chúnamh Eireann san áireamh.
Cuirfear tús le cuairt oifigiúil an Uachtaráin ar an 15 Samhain, le cruinniú leis an Uachtarán Bounnhang Vorachith. Ina dhiaidh sin beidh cruinniú déthaobhach ag an Uachtarán le Cathaoirleach an Chomhthionóil Náisiúnta Ms. Pany Yathotou. Beidh cruinniú leis an bPríomh-Aire Thongloun Sisoulith ina dhiaidh sin.
Tráthnóna Dé Máirt, beidh an tUachtarán ag freastal ar Fhéasta Stáit a bheidh á óstáil ina onóir ag an Uachtarán Bounnhang Vorachith agus a bhean, agus a mbeidh taibhiú de cheol traidisiúnta Laosach mar chuid den imeacht.
Dé Céadaoin 16 Samhain, tabharfaidh an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn cuairt ar theampall Wat Sasiket, mainistir Bhúdaíoch i lár Vientiane. Chomh maith leis sin rachaidh an tUachtarán chuig Institiuid Náisiúnta Turasóireachta agus Fáilteachais Laos (LANITH) a bhfuil traenáil sa bhainistíocht fáilteachais agus sa turasóireacht faighte ag a múinteoirí ó Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, le cabhair ó Chúnamh Éireann.
Beidh cruinniú ag an Uachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn leis an bpobal beag Éireannach i DPD Laos chomh maith.
Tabharfaidh an tUachtarán cuairt ar Ospidéal Mahasot, áit a bhfaigheann mná tacaíocht agus iad ag foghlaim faoi chothú luath-óige, roimh bhreith agus ina diaidh, trí chlár páirtíochta idir an Rialtas agus an tsochaí shibialta agus le tacaíocht ó Chúnamh Éireann.
Dé Céadaoin 16 Samhain tabharfaidh an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn aghaidh ar Bhaile Átha Cliath, mar a ndéanfaidh an tUachtarán léirbhreithniú ar Gharda Onóra ag Áras an Uachtaráin, ar a shroicheadh dóibh Déardaoin 17 Samhain.
---NOTAÍ---
Tá DPD Laos ina Cathaoirleach reatha ar Chumann Náisiún Thoir-Theas na hÁise (ASEAN).
Tá daonra de 6.8 milliún in DPD Laos agus le OTI per capita de €1,609 tá sí ar an tír is boichte i réigiún ASEAN. Ach, tá sé ar cheann de na geilleagair is tapúla atá ag fás i réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise, le ráta fáis thart ar 7% in aghaidh na bliana.
Tugann Cúnamh Éireann tacaíocht do chlár cúnaimh measartha i DPD Laos, a dhíríonn ar ghlanadh ordanáise neamhphléasctha; a théann i ngleic le tearc-chothú; agus a dhíríonn ar thraenáil don Institiuid Náisiúnta Turasóireachta agus Fáilteachais Laos (LANITH) i bpáirt le hInstitiúid Teicneolaíochta Bhaile Atha Cliath.
Tá pobal beag de thart ar 30 Eireannach sa tír.
Tá DPD Laos, per capita, ar an tír a ndearnadh an bhuamáil is troime ar domhan ann.
Le linn an Dara Cogadh Inde-Síneach idir 1964 agus 1973, thit níos mó ná 2 mhilliún tonna d'ordanáis ar an tir, ina measc tuairim is 270 milliún cnuas-mhuinisin.
Bhí tuairim is 75 milliún buama neamhphléasctha fágtha tar éis dheireadh an chogaidh. Meastar go bhféadfadh 87,000 ciliméadar cearnaithe talún a bheith fós millte le hordanáis neamhphléasctha (ONP), na scórtha bliain níos deireanaí. Tá tús áite á thabhairt ag an Rialtas do ghlanadh an ONP, a ghlac le Sprioc Forbartha Mílaoise breise atá dírithe ar ordanáis neamhphléasctha a ghlanadh agus le tacaíocht a thabhairt dóibh siúd a tháinig slán.
Tá an tUachtarán Ó hUigínn tar éis labhairt, agus labhróidh sé arís, faoi bhuamáil mhídhleathach Laos. Ar an meán, sa tréimhse 1964-1973, thit buama ar mhuintir Laos gach ocht nóiméad. Is obair mhall atá i nglanadh na hordanáise neamhphléasctha agus tá sé riachtanach d'fhorbairt na tíre.
In 2014, bhuail an tUachtarán Micheál D. O hUigínn le Khanethavong Phoummsak agus Viphaphorn Vongladsamee, an chéad bheirt náisiúnach de chuid Laos a rinne a gcuid staidéar in Eirinn.