Fógraíonn an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn buaiteoir chomórtas dealbhadóireachta 1916
Dáta: hAo 16th Nol, 2016 | 16:44
D’fhógair an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn inniu (16 Nollaig 2016) go bhfuil an comórtas le dealbh bunaithe ar théama 1916 a chruthú d’Áras an Uachtaráin buaite ag an dealbhadóir Rachel Joynt.
“Le bliain anuas, táimid tagtha le chéile mar náisiún chun comóradh a dhéanamh ar na himeachtaí a thit amach i dtreo ár neamhspleáchas mar Stát. Bhí comórtha an chéid mar chuid d’iarracht náisúnta plé le stair na tíre. Comórfar bliain an chomóraidh le suiteán siombalach agus buan.” a dúirt Uachtarán Uí Uigínn
“Mar chuid den chlár náisiúnta ‘Éire 2016’, ag comóradh agus ag céiliúradh gníomartha mhná agus fir 1916, lorg mé féin is Sabina moltaí do dhealbh le cur i ngáirdíní Áras an Uachtaráin, baile Uachtarán na hÉireann.
“Thugamar cuireadh d’ealaíontóirí smaointí a chur chun tosaigh i gcóir suiteán ealaíne poiblí a dhéanfadh comóradh ar aistear na tíre i dtreo neamhspleáchais; ceann a chuirfeadh inspioráid ar fáil don ghlúin seo agus do na glúnta atá fós le teacht chun na hidéil phoblachtánacha a fograíodh céad bliain ó shin a chur i gcrích.”
“Rinne coiste cumasach agus neamhspleách na hiarrataisí a mheas, faoi stiúr an chathaoirligh Caitríona Crowe. Bhí Imogen Stuart, Robert Ballagh, Seán Ó Laoire agus Jenny Haughton i measc na moltóirí. Tugadh deis do na healaíontóirí ar an ngearrliosta iarrataisí níos mine a dhéanamh agus bhí orthu na smaointe a chur i láthair an choiste ag Áras an Uachtaráin.”
“Is cúis mhór áthais dom a fhógairt inniu gur roghnaigh na moltóirí, tar éis dóibh bualadh leis na healaíontóirí go léir ar an ngearrliosta chun inspioráid a smaointe agus a modhanna a phlé, an tógra ‘Dearcán na nDaoine/People’s Acorn’ le Rachel Joynt”
Úsáideann tógra Rachel siombol an dearcáin chun léiriú a dhéanamh ar an meascán de scéalta éagsúla agus iarrachtaí ban agus fear chun todhchaí comhroinnte a shamhlú agus a thógáil don náisiún.
Déanfar an dealbh i gcré-umha agus seasfaidh sé do ghealltanais 1916 agus gealltanais an lae inniu, ag fás ó shíol beag go dair mhaorga. Beidh taisceadán todhchaí istigh sa dealbh le smaointí, idéanna agus mianta don tír de chuid dár nglúnta is óige agus is sine ann.
“Creidim go mbeidh tionscnamh Rachel Joynt oiriúnach mar shiombol bhuan d’aistear Éireann chun saoirse féinrialaithe agus ár n-iarrachtaí leanúnacha aisling na ndaoine a shamhlaigh Éire dhifriúil a bhaint amach.”
Notaí d’Eagarthóirí
Tá an tógra seo maoinithe ó Chlár Chomórtha an Rialtais - Éire 2016
Críochnófar agus nochtfar an dealbh i dtreo dheireadh 2017
Breis sonraí ar fáil ag http://www.president.ie/ga/public-art-project